Nuair a iarrtar ort suirbhé nó ceistneoir a dhéanamh is é rud a iarrtar ort do thuairimí a thabhairt ar ábhar amháin nó níos mó. Is éard is achainí ann nuair a iarrtar ort tacú le dearcadh áirithe, mar shampla athrú sonrach a dhéanamh ar dhlí.
Ag brath ar cén aois thú agus cé atá ag eagrú na hachainí nó an tsuirbhé, is féidir leat páirt a ghlacadh ar bhealaí éagsúla. Is féidir leat do shuirbhé féin nó d’achainí féin a eagrú, go fiú. Is minic a úsáidtear suirbhéanna digiteacha agus achainíocha digiteacha chun teagmháil a dhéanamh le níos mó daoine.
Cad é atá ann?
Suirbhéanna
Is minic a dhéantar suirbhéanna chun tuairimí a fháil ó neart daoine a úsáidfear chun cinntí a dhéanamh, sin nó chun a fháil amach cad é a cheapann daoine faoi ábhar.
- Suirbhé nó ceistneoir ar líne a líonadh isteach – b’fhéidir gur rud é a chomhroinn eagraíocht a oibríonn le leanaí.
- Ceistneoir scríofa a líonadh isteach – i seomra ranga ar scoil, mar shampla.
- D’fhéadfadh duine éigin ceisteanna a chur ort – agallamh duine le duine, mar shampla.
Achainíocha
Is gnách go mbíonn achainíocha foirmiúil go leor, agus bíonn ort rud a shíniú de ghnáth chun a léiriú go nglacann tú leis an togra a thugtar san achainí nó go n-aontaíonn tú leis.
Úsáidtear na torthaí chun tionchar a imirt ar chinntí tábhachtacha, mar sin déanann lucht a n-eagraithe iarracht líon mór sínithe a fháil. D’fhéadfadh sé sin a bheith ar leibhéal na scoile, nó ar leibhéal eile idir sin agus an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal domhanda.
- D’fhéadfadh tuismitheoirí cuidiú le leanaí achainí a eagrú chun go ndéanfar athrú ar an méid a chuirtear ar fáil i gceaintín na scoile, mar shampla, agus chuirfí sínithe na leanaí uile faoi bhráid an phríomhoide.
- D’fhéadfadh saoránaigh teacht le chéile i ngrúpa chun sínithe a bhailiú chun dlí a athrú, rud a chuirfí faoi bhráid an rialtais ina dhiaidh sin.
Seo roinnt samplaí
Suirbhéanna do leanaí a chomhchruthú
Ar an Ardán seo againne, reáchtálaimid suirbhéanna ar líne ar ábhair a bhfuil cinneadh déanta ag leanaí ina leith. Mar shampla, an méid atá de dhíth ar leanaí chun go mothóidh siad sábháilte, nó an chibearbhulaíocht, nó an cuimsiú sóisialta.
Cuidíonn ár mbaill ar leanaí iad linn na suirbhéanna a chruthú, agus cuireann na mílte leanaí ó gach cearn den Aontas a dtuairimí in iúl. Ansin comhroinnimid gach rud a dúradh leis na daoine fásta a bhfuil dlíthe an Aontais á ndéanamh acu.

Achainíocha an Aontais
San Aontas Eorpach, tá bealach ar leith ann inar féidir le saoránaigh achainí a thosú ar ábhair atá tábhachtach dóibh chun athruithe a iarraidh. Chun tús a chur le hachainí AE ní mór duit a bheith 18 mbliana d’aois. Féadfaidh go leor ábhair éagsúla a bheith i gceist, amhail an comhshaol, cearta na saoránach, nó cosaint tomhaltóirí.
Mar sin, dá mbeadh rud éigin an-tábhachtach ann ar mhian leat go dtabharfaí faoi, d’fhéadfá tacaíocht a iarraidh ar do scoil nó ar do thuismitheoirí chun achainí a thosú san Aontas, nó i do thír féin nó i do phobal féin.

Do shuirbhé féin a reáchtáil
Cosúil le Eva, ár gcomhalta óg Spáinneach den Bhord Comhairleach, d’fhéadfá do shuirbhé féin a eagrú chomh maith chun aiseolas a fháil faoi rud éigin atá tábhachtach duit agus chun athrú a bhaint amach. I do scoil nó i do phobal áitiúil, cuir i gcás.
Reáchtáil Eva suirbhé chun a fháil amach cad é a shíl na daoine thart timpeall uirthi faoi vóta a bheith ag daoine 16 bliana d’aois. Chuir sí na torthaí i láthair ag cruinniú Bhord Comhairleach an Ardáin agus laistigh dá pobal féin.

