D’ardaigh ár gcomhaltaí óga rannpháirtíocht dhaonlathach mar ábhar tábhachtach, mar sin cuireadh san áireamh í inár bPlean Oibre 2023-2024.
Chuir leanaí agus déagóirí ó gach cearn den Aontas Eorpach a dtuairimí in iúl i dtaca leis an méid a cheapann siad faoin rannpháirtíocht dhaonlathach, faoi na nithe a oibríonn go maith, faoi na cineálacha athruithe atá uathu, agus faoina dtaithí féin.
Cé a chuir a dtuairimí in iúl dúinn?
- Rinne 1,921 leanbh ó 23 Bhallstát den Aontas suirbhé ar líne
- Cuireadh agallamh ar 28 leanbh agus ar 3 ghníomhaí óga
- Ghlac 122 leanbh páirt i ngrúpaí fócais
- idir 6-17 mbliana d’aois a bhí siad
- ba cailíní iad 68% díobh, ba bhuachaillí iad 38% díobh, roghnaigh 1% díobh ‘eile’, agus níor mhian le 1% an cheist a fhreagairt
Cad a dúirt na leanaí?
Is é seo a leanas an méid atá ag teastáil ó leanaí agus ó dhéagóirí:
- Áiteanna sábháilte cuimsitheacha chun bheith rannpháirteach agus ina dtabharfar cluas dóibh
- Ról níos mó a bheith acu i ndáil le tionchar a imirt ar chinntí a mbíonn tionchar díreach acu ar a saol
- Tuilleadh eolais faoin daonlathas, faoin gcaoi a n-oibríonn sé agus faoin gcaoi le páirt a ghlacadh ann
- Spreagadh chun bheith rannpháirteach sa phlé agus sa chinnteoireacht
- Tuilleadh eolais faoi vótáil agus eolas chun cabhrú leo a gcinntí vótála féin a dhéanamh

Leagan beochana den mhéid a dúirt na leanaí
Bí i do churadh daonlathais!
Mar chuid den obair atá déanta i dtaca leis an daonlathas, chomhchruthaigh comhaltaí óga ár nArdáin an Bosca Uirlisí Daonlathais is féidir a úsáid i seomraí ranga ar fud an Aontais Eorpaigh.
Treoraíocht foghlama idirghníomhach spraíúil do leanaí idir 9-13 bliana d’aois atá sa bhosca uirlisí chun bheith ina gCuraidh Dhaonlathais agus chun difear a dhéanamh ina scoil nó ina bpobal féin.
Tacaíonn sé leis an teagasc faoi rannpháirtíocht shibhialta agus cuidíonn sé le leanaí páirt a ghlacadh i bprionsabail dhaonlathacha trí thaithí praiticiúla.

