Skip to main content
European Union flag
EU Children's Participation Platform

Bord Comhairleach

Foireann leanaí agus daoine fásta atá ar an mBord Comhairleach, agus cuidíonn siad chun an méid a dhéanann an tArdán a threorú. Cinntíonn siad go bhfuil smaointe leanaí mar chuid de chinntí tábhachtacha faoin Ardán. 

Cé atá ar an mBord?

Cad a dhéanann an Bord?

  • Nascann sé tuairimí leanaí le lucht déanta cinntí: Roinneann sé an méid a cheapann agus a bhraitheann leanaí le daoine fásta a dhéanann cinntí. Cuidíonn sé sin le daoine fásta tuairimí leanaí a chloisteáil agus roghanna níos fearr a dhéanamh ina gcuirtear a gcuid smaointe san áireamh
  • Múnlaíonn sé obair an Ardáin: Tugann sé comhairle maidir le gníomhaíochtaí, imeachtaí agus comhairliúcháin, chun a chinntiú go mbaineann tábhacht leo do leanaí
  • Déanann sé príomhdhoiciméid a athbhreithniú agus a fhormheas: Tagann sé ar chomhaontú maidir le doiciméid thábhachtacha, cuir i gcás Plean Oibre an Ardáin
  • Comhchruthaíonn sé acmhainní atá éasca do leanaí a thuiscint: Cuidíonn sé chun eolas a dhéanamh soiléir agus éasca le tuiscint do gach leanbh

Cén chaoi a n-oibríonn an Bord?

  • Cruinnithe: Tionóltar cruinnithe dhá uair sa bhliain, i bpearsa de ghnáth, ach uaireanta ar líne. Bíonn leanbh agus duine fásta i gceannas ar na cruinnithe le chéile
  • Ullmhúchán: Tagann comhaltaí ar leanaí iad le chéile an lá roimh ré chun iad féin a ullmhú agus chun am a chaitheamh le chéile
  • Pléití: Is iad saineolaithe ar rannpháirtíocht leanaí a stiúrann na pléití, ionas go mbeidh deis cainte ag gach comhalta, idir leanaí agus daoine fásta, sin agus go n-éistfear leo
  • Cinnteoireacht: Bíonn gach duine ar aon fhocal sula ndéantar cinneadh. Mura mbíonn, molann na comhchathaoirligh a bhfuil le déanamh ina dhiaidh sin. Bíonn an focal deiridh ag an gCoimisiún Eorpach

Léigh tuilleadh faoin gcaoi a n-oibríonn an Bord (i mBéarla)

ÍOSLÓDÁIL

Ar mhaith leat a bheith páirteach?