Skip to main content
EU Children's Participation Platform

Glór Leanaí maidir le Bochtaineacht agus Cuimsiú Sóisialta

Chun go mbeidh saol sona sláintiúil ag gach leanbh agus gach déagóir, tá tacaíocht bhreise de dhíth ar chuid acu i réimsí amhail rochtain ar oideachas, cúram sláinte, cothú nó tithíocht.

Chun cuidiú sin, tá pleananna náisiúnta ag tíortha an Aontais faoi threoir na Ráthaíochta Eorpaí do Leanaí. Bhí athbhreithniú á dhéanamh ag an Aontas ar an Ráthaíocht agus ar na pleananna, agus ar an Straitéis in aghaidh na Bochtaineachta, mar sin bhí sé tábhachtach cloisteáil ó shaoránaigh óga den Aontas faoi bhun 18 mbliana d’aois faoin tuairim atá acu ar an dóigh a bhfuil cúrsaí ag dul ina dtír féin. 
 

Cé a chuir tuairimí in iúl dúinn?

  • 41,736 leanbh idir 8-17 mbliana d’aois
  • as gach tír den Aontas
  • trí shuirbhé ar líne, 26 ghrúpa fócais agus 45 agallamh aonair
  • cailíní 52%, buachaillí 43%, eile 2%, 3% nár mhian leo a rá

 

Cé go n-aithníonn go leor leanaí go bhfuil seirbhísí ann agus go bhfuil dul chun cinn déanta, ní i gcónaí a bhíonn an rochtain chéanna ag gach duine orthu, ná ní i gcónaí a thagann deiseanna comhionanna sa saol laethúil as cearta comhionanna.

Achoimre: An méid a bhí le rá ag leanaí faoin mbochtaineacht agus faoin gcuimsiú sóisialta

ÍOSLÓDÁIL

An saol ar scoil

An méid a bhí le rá ag na leanaí
  • Ní bhaineann gach leanbh an tairbhe chéanna as saol na scoile; príomhbhacainn is ea na costais a bhaineann le turais, gníomhaíochtaí agus trealamh, fiú nuair a bhíonn an scolaíocht saor in aisce go foirmiúil
  • Tá an tacaíocht foghlama míchothrom, tá brú ann a bhaineann le tástálacha agus scrúduithe, méideanna móra ranganna, agus freagairtí neamhréireacha ar bhulaíocht agus ar idirdhealú. Bíonn tionchar acu sin ar chumas leanaí foghlaim, mothú sábháilte agus páirt iomlán a ghlacadh i saol na scoile
  • Tá moilleanna agus bearnaí sa tacaíocht do leanaí faoi mhíchumas agus do leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu, agus deacrachtaí maidir le cleachtas laethúil a dhéanamh de phleananna foirmiúla
An méid a d’iarr leanaí
  • Gníomhaíocht níos láidre i gcoinne na bulaíochta, an idirdhealaithe agus dálaí neamhshábháilte sna scoileanna (agus i suíomhanna cúraim sláinte, tithe agus comharsanachtaí freisin)
  • Scoileanna a úsáid mar phríomhbhealach chun tacaíocht a thabhairt agus fadhbanna a chosc
  • Tá fáil ar sheirbhísí amhail comhairleoirí, altraí agus tacaíocht teagaisc i rith an ama don fhoghlaim, don rochtain ar chúram sláinte, don bhia, agus chun go mbeidh teacht ag leanaí ar dhaoine fásta iontaofa 
Two round talk and idea bubbles

Rinneadh bulaíocht orm, agus ní mian liom go rachadh aon duine eile tríd an eispéireas trámach sin. Mar sin, chun an timpeallacht scoile a fheabhsú, ba cheart dúinn a theagasc do leanaí agus iad an-óg nár chóir bulaíocht a dhéanamh ar aon duine mar go bhféadfadh sí goilleadh go mór ar na daoine thart orainn.

Leanbh, 13 - an Phortaingéil

Cúram sláinte, tithíocht agus bia

Rochtain ar chúram sláinte
  • Is measa a bhíonn na fadhbanna mar gheall ar thréimhsí fada feithimh, bacainní taistil agus costais seirbhísí, amhail fiaclóirí agus teiripí, agus tá an méid sin ag cur leis an neamhionannas
  • Tá fáil mhíchothrom ar thacaíocht meabhairshláinte agus bíonn moilleanna i gceist lena rochtain, laistigh de na scoileanna go fiú
  • Dúirt leanaí go minic nach mbíonn a fhios acu i gcónaí cá háit le cuidiú a fháil, go háirithe mura féidir leis na tuismitheoirí gníomhú
Tithíocht leordhóthanach
  • Is é an cur síos a rinne leanaí ar an tithíocht gur bunchloch í don tsábháilteacht, don dínit, don tsláinte agus don fhoghlaim
  • Na príomhábhair imní atá acu ná brúnna inacmhainneachta, costais chíosa agus fóntas, rioscaí easpa dídine, agus daoine óga a fhágann an cúram gan tacaíocht leordhóthanach tithíochta acu
  • Bhí imní ar roinnt leanaí faoin neamhshláine, faoi dhrochdhálaí tithíochta agus faoi rochtain mhíchothrom, go háirithe i gcás leanaí faoi bhochtaineacht, leanaí i gcúram malartach, nó leanaí ó ghrúpaí imeallaithe
  • Is éard a chiallaíonn drochdhálaí tithíochta tithe fuara, taise, foirgnimh neamhshábháilte, plódú, agus easpa príobháideachais
Bia folláin
  • Chuir leanaí in iúl go bhfuil sé ríthábhachtach bia folláin a bheith ar fáil, ach nach mbíonn sé ar fáil ag gach leanbh gach lá
  • Chuir siad in iúl go raibh imní orthu faoi bhearnaí i ndáil le béilí scoile saor in aisce, soláthar bia do na daltaí níos sine, agus faoin rochtain acu ar an méid sin nuair a bhíonn na scoileanna druidte
  • Rinne na leanaí nasc idir bia folláin a bheith ar fáil go míchothrom agus ioncam teaghlaigh, an costas níos airde a bhaineann le bianna níos folláine, agus caighdeán teoranta nó droch-chaighdeán an bhia a chuirtear ar fáil ar scoil
  • Rinneadh cur síos ar chaighdeán, ar éagsúlacht agus ar bhlas an bhia mar rud a dhéanann difear do cé acu a itheann nó nach n-itheann na leanaí an bia a chuirtear ar fáil
Two round talk and idea bubbles

Tá áit chónaithe, idirlíon, bia, acmhainní, cúram sláinte agus oideachas tuillte ag gach leanbh gan beann ar a ghrúpa eitneach, reiligiúnach nó eile, ach níl siad ar fáil do gach leanbh - caithfear sin a athrú.

Buachaill, 15 - an Bhulgáir

Cad é an chéad rud eile a tharla?

  • Rinneadh athbhreithniú ar an aiseolas a chuir na leanaí ar fáil in éineacht le heolas ó dhaoine fásta ó gach tír den Aontas.
  • Baineadh úsáid as sin chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, agus cuideoidh sé chun feabhas a chur ar na pleananna náisiúnta i dtíortha uile an Aontais.
     
  • Neartú a dhéanamh ar an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, 2026 (i mBéarla)
     
  • Ar na bacáin: leagan den Ráthaíocht atá oiriúnach do leanaí, i dteangacha uile an Aontais, ionas gur féidir le leanaí uile an Aontais tuiscint a fháil go héasca ar an méid atá an tAontas a dhéanamh i dtaca leis an mbochtaineacht agus leis an gcuimsiú sóisialta. 

Má tá tú faoi bhun 18 mbliana d’aois agus má theastaíonn uait labhairt le duine éigin faoin gcaoi a bhfuil tú ag mothú, labhair le duine fásta a bhfuil iontaoibh agat ann, nó cuir scairt ar líne chabhrach do leanaí i do thír féin. Is féidir leo an cuidiú agus an tacaíocht atá uait a chur ar fáil duit.