D’oibrigh an tAontas Eorpach ar Phlean Gníomhaíochta le cuidiú chun an chibearbhulaíocht a chosc, agus chun tacaíocht níos fearr a thabhairt do na leanaí agus do na déagóirí sin atá thíos léi.
Chun a chinntiú gur fhreagair an Plean ar riachtanais leanaí agus ar thaithí saoil, d’iarramar ar leanaí agus ar dhéagóirí an Aontais (idir 12-17 mbliana d’aois) a gcuid smaointe agus tuairimí a thabhairt. Rinneadh é sin trí shuirbhé ar líne i dteangacha uile an Aontais i mí Mheán Fómhair 2025.
Cé a chuir a dtuairimí in iúl dúinn?
- 6,343 leanbh agus déagóir idir 12-17 mbliana d’aois
- as gach ceann de 27 Bhallstát den Aontas
- ba cailíní iad 57% díobh, ba bhuachaillí iad 40% díobh, roghnaigh 2% díobh ‘eile’, agus níor mhian le 2% an cheist a fhreagairt
- Bhí taithí ag 24% díobh ar an gcibearbhulaíocht iad féin
- Chonaic 39% díobh (47% díobh a bhí 17 mbliana d’aois, agus 28% díobh a bhí 12 bhliain d’aois) an chibearbhulaíocht lena súile cinn
- Bhí aithne ag 50% díobh ar dhuine ar caitheadh go dona leis ar líne (ba chailíní iad 52% díobh, agus ba bhuachaillí iad 40% díobh)
- Bhraith 50% díobh gur mó seans go ndéanfaí cibearbhulaíocht ar dhaoine atá ‘difriúil’
- Bhraith 70% díobh go ndéantar cibearbhulaíocht ar dhuine ar mhaithe le ‘spraoi’ agus chun ‘aird a fháil’
- Bhraith 62% díobh go ndéantar cibearbhulaíocht le ‘mothú cumhachtach’

Cad a dúirt na leanaí?
- An chaoi a mbraitheann leanaí nuair a dhéantar cibearbhulaíocht orthu
- 73% – brónach
- 65% – gortaithe
- 62% – uaigneach nó fágtha ar lár (ba chailíní iad 70% díobh, agus ba bhuachaillí iad 52% díobh)
- 59% – náirithe
- Cabhair agus tacaíocht a fháil má tá cibearbhulaíocht á déanamh orthu
- Rachadh 62% chuig tuismitheoir nó cúramóir (ba chailíní iad 67% díobh, agus ba bhuachaillí iad 56% díobh)
- Rachadh 41% chuig cara (46% díobh a bhí 17 mbliana d’aois, agus 29% díobh a bhí 12 bhliain d’aois)
- Rachadh 25% chuig múinteoir nó chuig ball foirne scoile (38% díobh a bhí 12 mbliana d’aois, agus 19% díobh a bhí 17 mbliana d’aois)
- Rachadh 14% chuig líne chabhrach nó chuig suíomh gréasáin tacaíochta
- Ní inseodh 11% do dhuine ar bith faoi
- Ní raibh 8% cinnte

Níos mó comhairleoireachta chun cuidiú le híospartaigh agus le bulaithe araon tuiscint a fháil ar an méid atá ag tarlú
- Ardáin meán sóisialta a thabhairt chun cuntais
- Tuairisciú ar an gcibearbhulaíocht a shimpliú
- Dlíthe i gcoinne na cibearbhulaíochta a neartú
- Feasacht, oideachas agus comhráite oscailte a chur chun cinn i measc tuismitheoirí agus leanaí
- Tacú le leanaí atá buailte trí chomhairleoireacht
- Iompraíocht dhearfach ar líne a chothú, scileanna digiteacha a fhorbairt, agus athléimneacht agus timpeallachtaí measúla a spreagadh
- Rochtain leanaí óga ar na meáin shóisialta a theorannú

Tuarascáil iomlán faoin méid a dúirt leanaí faoin gcibearbhulaíocht
Cad atá de dhíth ar leanaí ó dhaoine fásta?
- An méid is gá d’ardáin meán sóisialta a dhéanamh
- Is mian le 54% de leanaí go nglacfaidh ardáin go dáiríre le tuairisciú agus go gcuirfidh siad eolas ar fáil maidir le bearta leantacha
- Is mian le 39% díobh go mbeadh sé níos éasca tuairisciú a dhéanamh ar aipeanna nó ar shuíomhanna gréasáin
- Is mian le 39% díobh go gcuirfeadh ardáin tacaíocht ar fáil d’íospartaigh na cibearbhulaíochta
- Is mian le 25% díobh go mbeadh leanaí rannpháirteach maidir le conas ardáin a dhéanamh sábháilte
- Is mian le 12% díobh go n-íocfadh ardáin as feachtais faisnéise
- An méid is gá do scoileanna agus do thuismitheoirí a dhéanamh
- Is mian le 56% de leanaí go mbeadh rialacha agus iarmhairtí soiléire ag scoileanna i dtaca leis an gcibearbhulaíocht (ba chailíní iad 61% díobh, agus ba bhuachaillí iad 46% díobh)
- Is mian le 54% díobh go dteagascfaí faoin gcibearbhulaíocht sa rang
- Tá 49% díobh ag iarraidh tacaíochta, tacaíocht shíceolaíoch san áireamh, dóibh siúd a ndearnadh bulaíocht orthu (ba chailíní iad 58% díobh, agus ba bhuachaillí iad 36% díobh)
- Is mian le 47% díobh go labhrófaí leo siúd a dhéanann bulaíocht agus lena dtuismitheoirí freisin
- Is mian le 45% díobh fios a bheith acu go ndéanfaí rud éigin ina leith má thuairiscíonn siad faoi
- Is mian le 43% díobh go mbeadh daoine fásta/piaraí iontaofa ann le labhairt leo (ba chailíní iad 49% díobh, agus ba bhuachaillí iad 34% díobh)
- Dúirt 30% díobh go bhfuil rialacha/treoirlínte frithbhulaíochta ina scoil, ní raibh a fhios ag 57% díobh, agus dúirt 13% díobh nach raibh a leithéid acu
- Ghlac 45% díobh páirt i rud éigin chun deireadh a chur leis an gcibearbhulaíocht, níor ghlac 32% díobh páirt ina leithéid, agus ní raibh 23% díobh cinnte

Bac a chur ar dhaoine a luaithe a phostálann siad... Ní mór d’ardáin bac a chur ar chuntais/iad a chur ar fionraí, IP, IMEI
Cad é an chéad rud eile a tharlóidh?
- R1-R2 2026
- Foilsíodh Plean Gníomhaíochta an Choimisiúin Eorpaigh in aghaidh na Cibearbhulaíochta
- Tuairisc ar thorthaí an tsuirbhé atá éasca do leanaí a thuiscint (i dteangacha uile an Aontais)
- Aiseolas maidir leis an gcaoi ar úsáideadh ionchur leanaí
- Leagan den Phlean atá éasca do leanaí a thuiscint
- Foilsíodh Plean Gníomhaíochta an Choimisiúin Eorpaigh in aghaidh na Cibearbhulaíochta
Má tá cabhair nó tacaíocht de dhíth ort:
- Tabhair cuairt ar an suíomh gréasáin maidir le hIdirlíon Níos Fearr do Leanaí, áit ar féidir leat teacht ar acmhainní foghlama i dteangacha uile an Aontais, nó téigh i dteagmháil le hIonad um Idirlíon Níos Sábháilte i do thír féin chun aon fhadhb ar líne a thuairisciú nó chun labhairt le saineolaí.
- Más lian leat labhairt le duine éigin faoin gcaoi a bhfuil tú ag mothú, labhair le duine fásta iontaofa nó glaoigh ar líne chabhrach do leanaí i do thír féin.
