Skip to main content
European Union flag
EU Children's Participation Platform

Tuairimí Leanaí maidir le bheith ag Mothú Sábháilte

Is ábhar tábhachtach do leanaí í an tsábháilteacht ó fhoréigean, agus is mian leis an Aontas Eorpach cosaint leanaí a fheabhsú. Ar an ábhar sin, d’fhiafraíomar de leanaí agus de dhéagóirí faoin méid a chuideodh leo mothú níos sábháilte.

Léirítear na freagraí a fuarthas uathu i sraith moltaí ón Aontas chun cabhrú le daoine fásta oibriú le chéile ar bhealach níos fearr chun leanaí a chosaint.

Cad a dúirt na leanaí?

Cé ba cheart dóibh cabhrú le leanaí?
  • Is fearr le 63% díobh labhairt le duine éigin go pearsanta (seachas ar líne)
  • Rachadh 74% chuig ball teaghlaigh nó chuig gaolta ar dtús, agus rachadh 68% díobh chuig cairde

     

An méid a theastaíonn ó leanaí in áiteanna éagsúla
  • Ar scoil: sláinteachas níos fearr agus deireadh a chur le bulaíocht
  • Sa bhaile: dóthain airgid le maireachtáil. Nuair nach áit shábháilte é an baile, tá spás sábháilte de dhíth ar leanaí
  • Tar éis scoile: tuilleadh áiteanna agus gníomhaíochtaí chun bualadh le chéile go sóisialta, le tacaíocht ó dhaoine fásta
  • In áiteanna poiblí: áiteanna súgartha agus páirceanna níos sábháilte agus tuilleadh soilsiú sráide
  • Ar Líne: Níos mó eolais agus oiliúna do dhaoine fásta agus do leanaí
Na daoine fásta ar féidir leo cuidiú
  • Múinteoirí tiomanta tuisceanacha.
  • Baill foirne scoile breise (mar atá comhairleoirí, oibrithe sóisialta, leas-phríomhoidí agus príomhoidí...)
  • Cúramóir a bhfuil an t-am aige cúram a dhéanamh dá gcuid riachtanais fhisiciúla agus mhothúchánacha
  • Tuismitheoirí altrama maithe (nuair nach féidir le tuismitheoirí a gcuid leanaí féin a choinneáil sábháilte)
  • Cairde chun cabhrú le leanaí cabhair a fháil agus mothú sábháilte
  • Gairmithe sláinte atá cairdiúil agus a mhíníonn cóireálacha dóibh
  • Póilíní má tá aithne ag na leanaí orthu

Achoimre mhaisithe ar a ndúirt na páistí

ÍOSLÓDÁIL

Two round talk and idea bubbles

Sílim gur cheart do mhúinteoirí éisteacht níos cúramaí linn mar, cé go síleann siad go bhfuilimid an-óg, tá ár dtuairim féin againn agus níor cheart dóibh neamhaird a dhéanamh di.

Leanbh 14 bliana d’aois as an mBulgáir

Cad atá de dhíth ar leanaí ó dhaoine fásta?

Go n-éistfí leo ní ba mhó agus ní ba chúramaí
  • Go léireofaí meas orthu, go n-éistfí leo agus go dtabharfaí aird cheart orthu
  • Go ndéanfaí níos mó iarrachta riachtanais leanaí a thuiscint
  • Go gcuirfí san áireamh iad i dtaca le cinntí a dhéantar sa bhaile, ar scoil, ina bpobail agus sa rialtas 
  • Go gcuirfí leanaí san áireamh agus réitigh ar a gcuid fadhbanna á bhforbairt 

     

Go dtabharfaí níos mó eolais dóibh
  • Go gcuirfí ar an eolas iad faoi rioscaí agus contúirtí a d’fhéadfadh a bheith ann
  • Go gcuirfí eolas agus treoraíocht ar fáil dóibh maidir leis na daoine ar féidir leo cabhair agus tacaíocht a iarraidh orthu agus conas cásanna neamhshábháilte a thuairisciú
  • Go gcuirfí eolas soiléir ar fáil dóibh maidir leis an méid a tharlóidh tar éis dóibh cúnamh a lorg

     

Go dtabharfaí níos mó cabhrach dóibh
  • Go leagfaí amach rialacha, teorainneacha agus bearta soiléire a d’fhéadfadh dochar a chosc
  • Go ngníomhófaí go tapa nuair a thugtar faoi deara nach bhfuil leanaí sábháilte  
  • Go gcuirfí cabhair ar fáil dóibh sula n-éireoidh fadhb níos measa, agus go dtabharfaí rochtain dóibh ar thacaíocht speisialaithe
  • Go gcuirfí duine fásta iontaofa amháin ar fáil chun tacú leo ó thús go deireadh faidhbe

     

Go n-oibreofaí go héifeachtach leo
  • Go roinnfí eolas agus go ndéanfaí cumarsáid eatarthu féin, dhá rud a chuideodh chun timpeallacht cosanta a chruthú
  • Go gcuirfí oiliúint orthu go léir le chéile chun go mbeadh tuiscint acu ar conas dul i ngleic le fadhbanna leanaí

     

Go gcosnófaí meabhairshláinte
  • Go gcuirfí timpeallacht oscailte shábháilte ar fáil chun saincheisteanna meabhairshláinte a phlé
  • Go ndéanfaí níos mó ardú feasachta, agus go gcuirfí treoraíocht agus eolas ní ba mhó ar fáil chun dul i ngleic le saincheisteanna meabhairshláinte
Two round talk and idea bubbles

Mhúsclóinn feasacht ar an meabhairshláinte agus ar an strus, agus dhéanfainn iad a theagasc ar scoil. Chabhróinn le daoine teacht ar réitigh, agus d’eagróinn imeachtaí. Mhúsclóinn feasacht ar ghníomhaíochtaí iarscoile, cuir i gcás an saol lasmuigh den scoil. Thabharfainn roinnt gníomhaíochtaí coirp isteach sa scoil.

Leanbh as an Danmhairg