Skip to main content
EU Children's Participation Platform

Le chéile ar líne

Is mian linn teagmháil a dhéanamh le leanaí ar fud an Aontais Eorpaigh ionas gur féidir leo páirt a ghlacadh agus a dtuairimí agus a dtaithí a chur in iúl. Is féidir leis an gcumarsáid dhigiteach cabhrú linn.

Tá sé chomh tábhachtach sin gur chomhchruthaíomar ár suíomh gréasáin in éineacht le leanaí. Agus leanaimid de bheith ag dul i gcomhairle le leanaí faoin suíomh gréasáin agus faoi chumarsáid dhigiteach eile. Déanaimid amhlaidh chun a chinntiú go n-oibreoidh an méid atá ar siúl againn do leanaí cosúil leatsa!

Cé leis a rabhamar ag obair?

Cad é a d’fhoghlaimíomar?

  • Suíomhanna gréasáin a úsáid
    • Níor bhain déagóirí mórán úsáide as roghchláir, scagairí ná feidhm an chuardaigh ar na suíomhanna féin
    • Scrollaigh siad agus scan siad trí leathanaigh i bhfad níos tapa ná daoine fásta
    • Idirghníomhaíochtaí suimiúla a bhí á lorg acu; thug siad suntas d’fhíseáin agus do shuirbhéanna)
    • Nuair a bhí go leor roghanna ann, bhí sé níos deacra dóibh rud éigin a roghnú 
  • Dearadh
    • Seachain go leor dathanna neoin éagsúla agus ná bain an iomarca úsáid as íomhánna, rud atá mearbhlach 
    • Déan a chinntiú go mbíonn míreanna inchliceáilte, focail thábhachtacha agus cnaipí gníomhaíochta an-fheiceálach
    • Is fiú corraí nó fuaimeanna a chur le gníomhaíochtaí tábhachtacha agus le míreanna inchliceáilte
    • Má tá an t-ábhar dírithe ar aoiseanna éagsúla, ba cheart na grúpálacha sin a bheith feiceálach
  • Cineálacha ábhair
    • Ba cheart rudaí atá le déanamh a bheith feiceálach, agus níos lú ábhar scríofa ag an tús
    • Tá ábhar idirghníomhach an-tábhachtach, cuir i gcás físeáin, quizeanna, suirbhéanna, vótáil, etc. 
    • Ba cheart an fhoclaíocht a bheith simplí, nua-aimseartha agus suimiúil, ach níor cheart í a bheith páistiúil
    • Ba cheart leanaí a bheith rannpháirteach i gcruthú ábhair agus gníomhaíochtaí digiteacha

Cad a rinneamar?

  • Suíomhanna gréasáin a úsáid
    • Chruthaíomar meirge mór aistriúcháin taobh istigh de na leathanaigh atá níos éasca a aimsiú
    • Rinneamar formáidí leathanaigh a shimpliú chun go seasfadh eolas tábhachtach amach ar na leathanaigh
    • Bhaineamar ábhar den leathanach baile chun go mbeifí in ann díriú ar mhíreanna tábhachtacha ar bhealach níos éasca
    • Bhaineamar cur síos téacs den leathanach ionas go mbeadh na teidil inchliceáilte níos feiceálaí
  • Dearadh
    • Bhaineamar úsáid as clómhéideanna níos mó, agus chuireamar boscaí timpeall ar théacsanna chun go mbeidh gníomhaíochtaí níos feiceálaí
    • Chuireamar cúlra daite leis an leathanach baile chun ‘spás bán folamh’ a laghdú
    • Bainimid úsáid anois as íomhánna de leanaí daonna in ionad carachtair mhaisithe 
    • Iarrfar cead chun clónna agus dathanna téacs éagsúla a úsáid
  • Cineálacha ábhair
    • Bainfear úsáid as ábhar scríofa níos giorra agus níos simplí atá níos éasca a léamh agus a thuiscint
    • Déanfar níos mó físeán a tháirgeadh, roinnt acu comhchruthaithe lenár gcomhaltaí ar leanaí iad
    • Déanfar formáidí idirghníomhacha nua a fhorbairt, cuir i gcás quizeanna agus tuarascálacha beochana
    • Déanfaidh ár gcomhaltaí ar leanaí iad athbhreithnithe leanúnacha ar an gcur chuige i leith ábhair agus ar an ábhar féin