An 6–7 Bealtaine 2025, chuaigh leanaí agus daoine fásta ó 11 Bhallstát go hÉirinn don chéad chuairt staidéir den Ardán.
Cad é a bhí i gceist leis an gcuairt staidéir?
Tháinig grúpa leanaí agus daoine fásta spreagtha le chéile don chuairt chun bheith ag foghlaim, smaointe a chomhroinnt, agus smaointe a fháil maidir leis an méid seo a leanas:
- An dóigh a mbíonn leanaí in Éirinn rannpháirteach sa chinnteoireacht ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal náisiúnta
- An dóigh a bhfuil rannpháirtíocht na leanaí ag obair agus an dóigh a bhféadfadh sí dul chun cinn a dhéanamh ina dtír féin
An méid a d’fhoghlaimíomar
Chun a chinntiú go n-éistfear le guthanna leanaí agus go léireofar meas orthu, ba cheart do na rialtais náisiúnta an méid seo a leanas a dhéanamh:
- A chinntiú go bhfuil foinse chobhsaí airgid, oiliúna, daoine agus ábhar atá fabhrach do leanaí ann
- Páirt a thabhairt do leanaí i gcinntí a dhéanann difear dá saol laethúil
- A sheiceáil an dtagann fíorathruithe agus fíorfheabhsuithe as smaointe leanaí
- Oiliúint maidir le cearta leanaí agus maidir le conas oibriú le chéile a thabhairt do dhaoine fásta agus do leanaí araon
- Obair bhuíne idir leanaí agus daoine fásta a chur chun cinn chun torthaí níos fearr a bhaint amach
- Cleachtais rathúla a chomhroinnt agus a bheith ag foghlaim óna chéile
Chun a chinntiú go mbíonn spásanna ar fáil inar féidir le leanaí a bheith muiníneach astu féin agus inar féidir leo a dtuairimí a chomhroinnt, ba cheart do na rialtais náisiúnta an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Teagmháil a dhéanamh le níos mó leanaí ó áiteanna éagsúla, grúpaí éagsúla agus aoisghrúpaí éagsúla, agus leanaí a bhfuil teangacha éagsúla acu, agus a chinntiú go mbeidh siad rannpháirteach
- Tacú le comhráite leanúnacha idir an óige agus daoine fásta
- Tuairisciú do leanaí agus treoirlínte soiléire a leagan amach maidir le conas agus cathain an méid sin a dhéanamh
- Níos mó cruinnithe a eagrú idir leanaí agus daoine fásta ó thíortha éagsúla
- A chinntiú go n-oibríonn grúpaí agus institiúidí éagsúla le chéile, amhail an rialtas, eagraíochtaí neamhrialtasacha, agus scoileanna
- Labhairt amach faoina fheabhas a bhíonn sé do chách nuair a bhíonn leanaí agus daoine óga ar thús cadhnaíochta agus nuair a chomhroinneann siad a dtuairimí
Cé a ghlac páirt sa chuairt?
- Leanaí ó Ardán an Aontais um Rannpháirtíocht Leanaí (móide daoine fásta i bhfochair)
- Ionadaithe náisiúnta ó Líonra an Aontais um Chearta an Linbh
- Na tíortha rannpháirteacha: An Ostair, an Bhulgáir, an Chróit, an Fhionlainn, an Ghréig, an Iodáil, an Ísiltír, Málta, an Phortaingéil, an tSlóvaic agus an Spáinn.
- Leanaí ó UNICEF agus ó Scoil Bhrí Mhór, Éire (móide daoine fásta i bhfochair)


A happy study visit family!A happy study visit family! 

Structure of Irish child and youth participationStructure of Irish child and youth participation 

Different ways of engaging with Irish children and young peopleDifferent ways of engaging with Irish children and young people 

A creative workshop at The ArkA creative workshop at The Ark 

Discussions, brainstorming and suggestions!Discussions, brainstorming and suggestions! 

Kid's ideas to improve access to informationKid's ideas to improve access to information 

Welcoming cupcakes at Bremore ETSS schoolWelcoming cupcakes at Bremore ETSS school
Cad a tharla gach lá?
Lá 1: An 6 Bealtaine 2025
- Ceardlanna i dtaca leis an gcaoi a n-eagraítear rannpháirtíocht na leanaí in Éirinn sa Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Baile Átha Cliath
- Gníomhaíochtaí cruthaitheacha do leanaí ag The Ark, Baile Átha Cliath
- Cuairt ar an gcathair agus dinnéar
Lá 2: An 7 Bealtaine 2025
- Ceardlanna ar chearta leanaí, iad dírithe ar dhaoine fásta agus leanaí araon le chéile
- An méid a d’fhoghlaimíomar a chomhroinnt agus an méid is mian linn a dhéanamh i ngach tír
- Cuairt ar Mheánscoil Bhrí Mhór i mBaile Brigín chun guth na scoláirí a chluinstin i mbarr láin
Cad é an chéad rud eile a tharlóidh?
Pléadh conclúidí agus gealltanais le linn seisiún leantach i mí Iúil 2025.
Thuairiscigh comhaltaí an Ardáin don Bhord Comhairleach i mí Dheireadh Fómhair 2025 agus thuairiscigh comhaltaí an Líonra ag an gcruinniú a bhí acu i mí na Samhna 2025. Déanfar obair leantach ar na gealltanais ag cruinniú Líonra 2026 agus cuirfear ar an suíomh gréasáin iad.
Féachtar sa phlé freisin ar an dóigh ar féidir an méid a foghlaimíodh agus na modhanna a úsáid i dtíortha eile san Aontas chun cur le rannpháirtíocht leanaí.
