Skip to main content
EU Children's Participation Platform

Deiseanna Rannpháirtíochta an Aontais Eorpaigh do Dhaoine Óga

Cuireann an tAontas Eorpach go leor bealaí ar fáil do dhaoine óga a bheith rannpháirteach. D'fhéadfadh deiseanna áirithe a bheith ar fáil ó aois 16 ar aghaidh, agus deiseanna eile ó aois 18 ar aghaidh.

D’fhéadfá a bheith i d’ambasadóir ar chúis atá tábhachtach duitse, d’fhéadfá a bheith ag obair mar chuid de ghrúpa chun dlíthe agus beartais an Aontais a fheabhsú, staidéar a dhéanamh thar lear, nó teagmháil a dhéanamh le daoine óga ó gach cearn den Eoraip chun d’fhís don todhchaí a chomhroinnt!

Aimsigh rud éigin ar spéis leat é!

Faigh tuilleadh eolais faoi ról Pharlaimint na hEorpa, cuir aithne ar dhaoine óga eile, agus cuir do thuairim in iúl sa díospóireacht pholaitiúil. Bí i dteagmháil le daoine eile, glac páirt agus faigh amach faoi thodhchaí ina mbeidh an t-uafás deiseanna don óige ar fáil.

Oibríonn BIK Youth (‘Idirlíon níos fearr do Leanaí’) le daoine óga a chuidíonn chun treoir sábháilteachta ar líne, ábhair foghlama agus feachtais a fhorbairt, agus a rannchuidíonn le próisis chinnteoireachta chun gur fearr agus gur sábháilte a bheidh an t-idirlíon.

Ionadaíocht a dhéanamh do bhreis agus 100 eagraíocht óige Eorpach agus na milliúin daoine óga a thabhairt le chéile. Tugann an Fóram cumhacht do dhaoine óga rannpháirt ghníomhach a ghlacadh sa tsochaí chun feabhas a chur ar a saol féin agus chun a gcearta a chur chun cinn.

An bhfuil tú idir 18 agus 30 bliain d’aois, agus an bhfuil tú ag lorg deis chun cuidiú leis an bpobal i gcoitinne, san Eoraip agus níos faide i gcéin? Tríd an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach is féidir leat obair dheonach a dhéanamh i dtír eile, i d’aonar nó mar bhall d’fhoireann, nó is féidir leat tionscadal a chur ar bun i do phobal féin.

An bhfuil tú páirteach in eagraíocht atá ag obair chun rannpháirtíocht pholaitiúil na hóige a neartú? D’fhéadfá páirt a ghlacadh i líonra domhanda Chohórt Dhaonlathas na hÓige agus cuidiú chun rannpháirtíocht fhóinteach chuimsitheach na hóige a chur chun cinn i bpróisis dhaonlathacha.

Is pobal bríomhar daoine é lecheile.eu a chreideann sa daonlathas go smior. Déan teagmháil le daoine ar fud na hEorpa atá ar aon intinn, comhroinn eolas, foghlaim scileanna nua, agus spreag daoine eile chun dul i mbun an daonlathais Eorpaigh.

Is é Erasmus+ clár an Aontais chun tacú leis an oideachas, an oiliúint, an óige agus an spórt san Eoraip. Is féidir leat staidéar nó tréimhse oiliúna a dhéanamh thar lear, scileanna nua a fhoghlaim, taithí a fháil ar chultúir nua agus páirt a ghlacadh agus tú i do chónaí i dtír eile den Aontas.

Cuireann DiscoverEU pasanna traenach ar fáil do dhaoine óga 18 mbliana d’aois chun gur féidir leo eolas a chur ar éagsúlacht agus oidhreacht chultúrtha na hEorpa, agus chun teagmháil a dhéanamh le daoine ó gach cearn den mhór-roinn. Déantar iarratais dhá uair sa bhliain; san earrach agus san fhómhar.