Tá grúpaí comhairleacha ag roinnt rialtas, comhairlí áitiúla nó eagraíochtaí neamhbhrabúis chun cuidiú leo treoraíocht agus eolas a fháil i leith ábhair thábhachtacha.
Cad é atá ann?
Is féidir le grúpaí comhairleacha a bheith buan, amhail grúpa comhairleach leanaí nó bord le haghaidh rialtas náisiúnta a thugann tuairimí maidir le hábhair éagsúla a bhaineann le leanaí.
D’fhéadfadh grúpa comhairleach a bheith sealadach freisin, rud a chuirfí le chéile go speisialta chun plé a dhéanamh ar ábhar amháin nuair a bheidh dlí nua á dhéanamh nó nuair a bheidh obair ghearrthéarmach á déanamh chun tuarascáil a chruthú.
D’fhéadfadh leanaí amháin a bheith i gceist le grúpaí comhairleacha, nó leanaí a bheith iontu in éineacht le daoine fásta. ach beidh roinnt daoine fásta ann i gcónaí chun cuidiú leo!
Seo sampla
Ár mBord Comhairleach
Laistigh d’Ardán an Aontais um Rannpháirtíocht Leanaí, tá Bord Comhairleach againn ar a bhfuil 10 mball ar leanaí iad agus 15 bhall ar daoine fásta iad, iad ón Aontas Eorpach agus ón tsochaí shibhialta.
Tagann siad le chéile dhá uair sa bhliain ar an láthair, agus bíonn lá speisialta againn díreach chun go gcuirfidh na páistí aithne ar a chéile agus ar na hábhair go léir sula nglaca na daoine fásta páirt ann.
Tá ról an-tábhachtach ag an ngrúpa comhairleach seo san Ardán, agus cuidíonn sé chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcaoi a n-oibrímid, cé na hábhair a n-oibreoimid orthu, agus conas feabhas a chur orthu.